Rí-Rá and Ruaile Buaile coming to Galway City
Irish Language

Rí-Rá and Ruaile Buaile coming to Galway City

Raidió Rí-Rá are excited to announce the opening of their new Galway studio in Áras na nGael this week!

This new recording and podcasting space will provide somewhere for new and young presenters to broadcast with Raidió Rí-Rá from the heart of Galway city at their new home at Áras na nGael. The new studio was developed with funding from the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, and Sport.

Barbara Nic Dhonnacha from Galway Bay FM will launch the space, and local groups, students of Galway University, broadcasters and anyone else with an interest in broadcasting with Raidió Rí-Rá will be welcomed for an evening of workshops, talks and information about the plans for the space and the development of Raidió Rí-Rá. As part of the launch, Na Seansálaithe will host a live podcast with special guests, and there will be refreshments available for the audience.

Raidió Rí-Rá is a chart station for young people, providing a pop music service through Irish online at rrr.ie. It is their long-term goal to broadcast at a national level on FM in the future, and as part of this campaign, Raidió Rí-Rá will be broadcasting live on FM in cities around the country during Seachtain na Gaeilge 2023. The station will be available on FM radio in Dublin (105.2fm), Cork (106.7fm), Limerick (105.5fm), and in Galway (87.7fm), as well as on rrr.ie and on the Raidió Rí-Rá app on Apple and Android.

Raidió Rí-Rá Chairperson, Traic Ó Braonáin said; "We would like to thank the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, and Sport for their support in this development opportunity and the Broadcasting Authority of Ireland for the opportunity to broadcast on FM during Seachtain na Gaeilge. The station is ready to take the next step to provide quality shows and content to young people at a national level on a full-time basis on FM and other platforms."

Raidió Rí-Rá Station Manager, Emma Ní Chearúil; "It is brilliant to be able to offer this opportunity to broadcast with a national station to a new group of young people by opening a studio in a new city. We hope many opportunities, friendships, events, podcasts, and radio shows will develop in this space."

Raidió Rí-Rá’s new studio is situated upstairs in Áras na nGael, 45 Sráid Dhoiminic. Further information regarding broadcasting with Rí-Rá and using the space available from emma@cnag.ie or gaillimh@cnag.ie.

Tune in to Raidió Rí-Rá anytime at rrr.ie or on the free Raidió Rí-Rá available on Apple or Android. The following are the frequencies where Raidió Rí-Rá will be heard during 13-19 March:
Dublin 105.2fm
Cork 106.7fm
Limerick 105.5fm
Galway 87.7fm

Raidió Rí-Rá

Gaeilge

Tá ríméad ar Raidió Rí-Rá go mbeidh stiúideo nua á oscailt go hoifigiúil an tseachtain seo in Áras na nGael na Gaillimhe. Soláthróidh an spás nua taifeadta agus podchraolta deis do chraoltóirí óga agus nua a bheith ag craoaldh trí Ghaeilge ar Raidió Rí-Rá ó chroílár Chathair na dTreabh. Chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, agus Spóirt maoiniú ar fáil leis an stiúideo a fhorbairt.

Barbara Nic Dhonnacha, láithreoir le Galway Bay FM, a bheidh ag seoladh an spáis nua, agus cuirfear fáilte roimh mhuintir na háite, mic léinn Ollscoil na Gaillimhe, agus éinne eile a bhfuil spéis acu i gcúrsaí craoltóireachta a bheith i láthair ar an oíche. Cuirfear eolas ar fáil maidir le plean an stiúideo, cúrsaí traenála, agus cén chaoi a bheith páirteach san obair atá ar bun ag Raidió Rí-Rá timpeall na tíre.

Mar chuid den seoladh, beidh podchraoladh beo leis Na Seansálaithe, a chuirfidh fáilte roimh aíonna speisialta ar an ardán, agus cuirfear sóláistí ar fáil i ndiaidh na hócáide.

Cairtstáisiúin cheoil don aos óg is ea Raidió Rí-Rá a sholáthraíonn seirbhís phopcheoil Gaeilge ar líne ag rrr.ie. Tá sé mar aidhm ag Raidió Rí-Rá a bheith ag craoladh go náisiúnta ar FM amach anseo. Mar chuid den feachtas céanna, beidh Raidió Rí-Rá ag caitheamh seal ar FM mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2023. Beidh an stáisiún le cloisteáil beo ar raidió FM i mBaile Átha Cliath (105.2fm), Corcaigh (106.7fm), Luimneach (105.5fm), agus i nGaillimh (87.7fm), maraon le gnáthbhealaigh éisteachta an stáisiúin ar rrr.ie agus ar aip Raidió Rí-Rá ar Apple agus ar Android. Le linn na tréimhse speisialta seo cloisfear cláracha beo leis Na GaelGals, Na Seansálaithe, agus le Pearsa Raidió na Bliana Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2022 Seán Ó Dubhchon, chomh maith le láithreoirí eile de chuid Raidió Rí-Rá, baill de Chumainn Ghaelaigh na n-ollscoileanna, agus aíonna speisialta eile.

Dúirt Cathaoirleach Raidió Rí-Rá, Traic Ó Braonáin “Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, agus Spóirt as cabhrú linn leis an deis fhorbartha seo agus an spás iontach nua seo againn, agus le hÚdarás Craolacháin Éireannas an deis léiriú don saol mór ar FM i rith Sheachtain na Gaeilge. Tá an stáisiún réidh an chéad chéim eile a ghlacadh le cláracha a sholáthar ar ardchaighdeán do dhaoine óga na tíre seo ar ardán náisiúnta go lánaimseartha ar FM agus ardáin eile.”

Dúirt Bainisteoir nua Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil: “Is iontach a bheith in ann an deis a sholáthar do dhream óg nua a bheith páirteach i gcraoladh Raidió Rí-Rá tríd an spás seo a chur ar fáil dóibh. Tá súil againn go n-eascróidh neart deiseanna, ócáidí, podchraoltaí agus cláracha nua raidió as an spás seo atá á oscailt.”

Tá stiúideo nua Raidió Rí-Rá lonnaithe thuas staighre in Áras na nGael, 45 Sráid Dhoiminic. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le húsáid an stiúideo agus craoladh le Raidió Rí-Rá trí theagmháil a dhéanamh le emma@cnag.ie nó gaillimh@cnag.ie.

Is féidir Raidió Rí-Rá a chloisteáil am ar bith ar rrr.ie agus ar aip Raidió Rí-Rá ar Apple agus Android. Seo a leanas na minicíochtaí ar a mbeidh Raidió Rí-Rá le cloisteáil 13-19 Márta:

Baile Átha Cliath 105.2fm
Corcaigh 106.7fm
Luimneach 105.5fm
Gaillimh 87.7fm

Published on Updated on