Dathanna Geala Amháin / Bright Colours Only comes to An Taibhdhearc in Galway
Art//Culture//Events//Irish Language

Dathanna Geala Amháin / Bright Colours Only comes to An Taibhdhearc in Galway

This legendary Irish wake show, Bright Colours Only has toured from Belfast to Brazil in a hearse! Now, An Taibhdhearc presents the premiere of its translation into Irish! Find out more here...

Bright Colours Only is a wickedly funny one-woman show, resurrected for the first time for the Galway Theatre Festival and on tour. Enjoy a drop of the hard stuff and join us on this heartwarming journey to the edge of oblivion. This show is only suitable for those dying to live!

Muireann Kelly, Artistic Director, An Taibhdhearc commented; "As the National Irish Language Theatre, it is vital that we tell stories like ‘Bright Colours Only’ - a play that celebrates humour and resilience, and reflects how we are at our best when we come together. Stories that come from all parts of this island need to be heard and seen in Irish, both on our stage at An Taibhdhearc and on tour across the North and South of Ireland and abroad. Our vision is to produce engaging work in Irish, reflecting who we are today, while providing a home for ambitious Irish language artists and their work. This is the first production in our new season of five events that will take place in 2025, stories about and for all of us, for those who use Irish every day, those learning and the Gaeilge curious."

Touring May 2025 - Dates below
1st-3rd May & 6th-10th May: An Taibhdhearc, Galway - www.antaibhdhearc.com
14th May: Amharclann Ghaoth Dhobhair, Donegal - www.amharclann.com
17th May: The Linenhall Arts Centre, Castlebar - www.thelinenhall.com
21st May: Axis Ballymun, Dublin - www.axisballymun.ie
23rd-24th May: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Belfast - www.culturlann.ie

Tickets €18/16 (previews €12)
BOOK HERE
Duration 70 mins (approx)
English surtitles will be available.
Contains some mild swearing and references to violence.
Recommended for ages 14+

Cast
Brídín Ní Mhaoldomhnaigh

Creative team
Writer - Pauline Goldsmith
Director - Muireann Kelly
Translation - Séamas Mac Annaidh
Set and Costume Designer - Bridget Ní Dhuinn
Lighting Designer - Dara Hoban
Animators - Eabha Bortolozza & Jack Kirwin

ABOUT THE CAST & CREATIVE TEAM
Bright Colours Only was written by the award-winning (‘Best Actress’ - The Stage) Belfast writer and actor, Pauline Goldsmith. Her quintessential Irish wake show toured internationally to great acclaim, and now starring Brídín Ní Mhaoldomhnaigh (Katie in Ros na Rún) this dearly departed show is back! Brídín Ní Mhaoldomhnaigh is an actor, presenter, and writer from Gaoth Dobhair in Donegal. She spent nine years acting in Ros Na Rún and her recent performance credits include An Bhfuil a Fhios Agat (2021), The Queen VS Patrick O Donnell (2022) and Díolta Faoina Luach (2023). She spent her youth performing locally with Aisteoirí Ghaoth Dobhair before coming to NUIG and graduating with a degree in Theatre and Performance with arts. Muireann Kelly is the Artistic Director of An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. Originally from County Mayo, she studied drama at the Royal Conservatoire of Scotland and Gàidhlig at Sabhal Mòr Ostaig, Isle of Skye, Scotland. Prior to An Taibhdhearc, she developed and directed Fishamble/Theatre Gu Leòr/Bara Caws’ co-production of ‘Taigh/Tŷ/Teach’ (House) - a large scale, site specific, trilingual piece about the housing crisis. Written and performed in Welsh, Scottish and Irish Gaelic in all three countries, it was also filmed on site and premiered in the Lighthouse Cinema, Dublin in 2024. As Artistic Director and founder of Scottish company, Theatre Gu Leòr (2013-2023), she developed, commissioned and directed new work in Gàidhlig and other minoritised languages which toured nationally and internationally.

An Taibhdhearc, the National Irish Language Theatre is funded by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media with additional support from Galway City Council. For more info: www.antaibhdhearc.com

GAEILGE

Dráma dúghrinn is ea ‘Dathanna Geala Amháin’, a chuaigh ar camchuairt ó Bhéal Feirste go dtí An Bhrasaíl i gcóiste marbh! Cuireann An Taibhdhearc an t-aistriúchán seo i láthair don chéad uair. Tá an dráma beanaonair seo lán le diabhlaíocht agus athbheodh an dráma go speisialta le bheith mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe agus rachaidh sé ar camchuairt. Bain blaisín den deoch láidir agus tar linn ar thuras croíúil agus muid ag taisteal chun díchuimhne. Suite i dteach faire, níl an dráma seo ach feiliúnach dóibh siúd atá beo beithíoch.

Beidh fortheidil Bhéarla ar fáil. Tá beagán eascainí agus tagairtí d’fhoréigean sa seó seo. 14+
Dúirt Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne ag An Taibhdhearc: "Tá sé ríthábhachtach mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge go léiríonn muid scéalta ar nós ‘Bright Colours Only’ - scéalta as gach cearn den oileán seo ar gá iad a chloisteáil agus a fheiceáil as Gaeilge, ar an stáitse ag an Taibhdhearc agus ar camchuairt i dTuaisceart agus i nDeisceart Éireann agus thar lear. Is í an fhís atá againn saothair tharraingteacha a cheapadh i nGaeilge, saothair a léiríonn cé muide sa lá atá inniu ann, ach ba bhreá linn ag an am céanna baile a thairiscint d’ealaíontóirí uaillmhianacha Gaeilge agus a saothar. Seo é an chéad léiriúchán dár séasúr nua, séasúr a mbaineann cúig imeacht leis, a bheidh ar siúl in 2025 - scéalta fúinne agus dúinne, dóibh siúd a mbíonn an Ghaeilge i ngach lá acu, do na foghlaimeoirí agus dóibh siúd a bhfuil suim acu sa nGaeilge."

Ar camchuairt i mí Bealtaine 2025 - Dátaí thíos
1-3, 6 - 10 Bealtaine: An Taibhdhearc, Gaillimh www.antaibhdhearc.com
14 Bealtaine: Amharclann Ghaoth Dhobhair, Dún na nGall - www.amharclann.com
17 Bealtaine: Ionad Ealaíon Linenhall, Caisleán an Bharraigh - www.thelinenhall.com
21 Bealtaine: Axis Baile Mhunna, Baile Átha Cliath - www.axisballymun.ie
23-24 Bealtaine: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste - www.culturlann.ie

Ticéid €18/16 (réamhthaispeántais €12)
Fad (Thart ar) 70 nóiméad

Cliar
Brídín Ní Mhaoldomhnaigh

Foireann Chruthaitheach
Scríbhneoir - Pauline Goldsmith
Stiúrthóir - Muireann Kelly
Aistriúchán - Séamas Mac Annaidh
Dearthóir Seite agus Feistis - Bridget Ní Dhuinn
Dearthóir Soilsithe - Dara Hoban
Beochantóirí - Eabha Bortolozza & Jack Kirwin

EOLAS AR MHUIREANN KELLY
Is í Muireann Kelly an Stiúrthóir Ealaíne in An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. Is as Maigh Eo di ó dhúchas, agus rinne sí staidéar ar an drámaíocht in Ardscoil Ríoga na hAlban, agus staidéar ar Ghaeilge na hAlban in Sabhal Mòr Ostaig in Oileán Sgitheanach na hAlban. Sular thosaigh sí sa ról leis an Taibhdhearc, rinne sí forbairt agus stiúrthóireacht ar chomh-léiriúcháin Fishamble/Amharclann Gu Leòr/Bara Caws ‘Taigh/Tŷ/Teach’ (Teach) - píosa mórscála, suíomhoiriúnaithe, trítheangach bunaithe ar an ngéarchéim tithíochta. Scríobhadh agus cuireadh an píosa i láthair i mBreatnais, i nGaeilge na hAlban agus i nGaeilge agus sna trí thír, agus rinneadh scannánú agus an chéad taibhiú air i bPictiúrlann Lighthouse i mBaile Átha Cliath in 2024. Agus í ina Stiúrthóir Ealaíne agus bunaitheoir ar an gcomhlacht Albannach, Theatre Gu Leòr (2013-2023), rinne sí forbairt, coimisiúnú agus stiúrthóireacht ar shaothair as an nua i nGaeilge na hAlban agus i dteangacha mionlacha eile agus chuaigh na saothair seo ar camchuairt go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Imagery by Laurence Winram

Published on Updated on