Galway City Council's award-winning Climate Inspirations Festival will return to the city on new dates; Wednesday, 24 June to Sunday, 28 June 2026, bringing five days of creative, community-led events focused on climate action, sustainability and positive change. Read all about it here...
Delivered by Galway City Council’s Climate Action Team, the festival reimagines climate action through culture, creativity, and collaboration, harnessing Galway’s strengths in music, theatre, art, Gaeilge, food, and community engagement.

above: Róisín Murphy by photographer Barry McCall
“When people come together to create something with their voices, they also create momentum for change,” said Tiarnan McCusker, Community Climate Action Officer with Galway City Council. “It’s about bringing communities together to inspire hope, imagination and collective action for a more sustainable future.”
New for 2026, the festival will introduce its first-ever Choir Singing Competition, inviting 6 choirs from across Galway and beyond to raise their voices for the planet on Sunday 28 June in Fr Burke Park.
In addition to the choir competition, the Climate Inspirations Festival will centre on Fr. Burke Park, and feature a diverse programme of climate talks, workshops, live music and performance, Climate cocktail club, a community group fair, family-friendly activities, a melting pot-luck, a 2nd-hand market, and Michael D Higgins in conversation with Ruairi McKiernan about the role of the Arts and education in Climate Action.
To see the full festival programme, visit galwayclimatefestival.ie
Beidh Féile Inspioráidí Aeráide Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, a bhfuil gradam buaite aici, ar ais sa gcathair ar na dátaí nua seo – Dé Céadaoin an 24 Meitheamh go Dé Domhnaigh an 28 Meitheamh 2026, cúig lá d’imeachtaí cruthaitheacha faoi stiúir an phobail a bheidh dírithe ar ghníomhú ar son na haeráide, ar an inmharthanacht agus ar athrú dearfach.

above: Jiggy by photographer Claire Loughran
Á chur i láthair ag Foireann Ghníomhú ar son na hAeráide de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, déanfar athshamhlú ar ghníomhú ar son na haeráide trí chultúr, trí chruthaitheacht agus trí chomhoibriú, ag baint leas as láidreachtaí na Gaillimhe, mar atá ceol, amharclannaíocht, ealaín, an Ghaeilge, bia agus rannpháirtíocht phobail.
“Nuair a thagann daoine le chéile chun rud éigin a chruthú lena nglórtha, spreagann siad an t-athrú chomh maith,” arsa Tiarnan McCusker, Oifigeach Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. “Is faoi phobail a thabhairt le chéile atá sé, chun dóchas, samhlaíocht agus gníomhaíocht chomhchoiteann a spreagadh do thodhchaí níos inmharthanaí.”
Mar ghné nua i 2026, tabharfar isteach an chéad Chomórtas Amhránaíochta Cór riamh mar chuid den fhéile. Tabharfar cuireadh do sé chór as Gaillimh agus níos faide i gcéin a nglórtha a ardú ar son an phláinéid Dé Domhnaigh an 28 Meitheamh i bPáirc an Athar de Búrca.

above: Harrison Gardner by photographer Barry McCall
Chomh maith le comórtas na gcór, beidh an fhéile dírithe ar Pháirc an Athar de Búrca, agus beidh clár leathan ann ina mbeidh cainteanna aeráide, ceardlanna, ceol agus taibhléirithe beo, club manglaim aeráide, aonach grúpaí pobail, gníomhaíochtaí feiliúnach do theaghlaigh, potluck pobail, margadh earraí dara láimhe agus Mícheál D. Ó hUigínn i mbun comhrá le Ruairí McKiernan faoin ról a imríonn na healaíon agus an oideachais i gníomhú ar son na haeráide.
Main image of Sharon Shannon by photographer Gavin McGoldrick
Published on Updated on











