HomeEventsTanya Mc Cole & Cairde at An Taibhdhearc
20th July | 20:00 -

Tanya Mc Cole & Cairde at An Taibhdhearc

Rugadh agus tógadh Tanya McCole in Ard an Rátha, sráidbhaile ar leith i nDún na nGall. I ndiaidh di a bheith ina cónaí thall i Londain, bhog sí ar ais go hÉirinn agus anois tá sí lonnaithe i gCathair na Gaillimhe.

Thosaigh Tanya amach leis an mbanna cáiliúil Horny Devils. Ansin chuaigh sí isteach sa bhanna ráithiúil Black Magic Band agus i ndiaidh sin an sár-bhanna Lewd Tunes.

Tá an stáitse roinnte ag Tanya le neart ceoltóirí iomráiteacha ar nós Sharon Shannon, Mundy agus Shane MacGowan gan ach cúpla duine a lua.

Eisíodh a céad albam ‘Love, Hate & The Blues’ in 2009, albam ar glacadh go maith le héisteoirí ‘is stáisiúin raidió araon.

Chuir Tanya amach an darna albam s’aici darbh ainm “Because Of You” in 2018. Is mór idir é agus ‘Love, Hate & The Blues’, tá an t-albam nua seo níos simplí chun a guth uathúil agus a cumas cumadóireachta a thaispeáint.

Event Date
20th July 2023 - 20th July 2023
Event Time
20:00 -
Event Category Venue
An Taibhdhearc
Location
City Centre
Event Address
19 Middle St,
Galway
View Map
Ticket Price
€20
Book Now

Explore More Events in Galway...